Slándáil & Sábháilteacht Ríomhaireachta

Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide
Home 9 Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide 9 Slándáil & Sábháilteacht Ríomhaireachta

Forléargas

Tá ábhar na cibearshlándála  ag réabadh tríd an domhan agus tá roinnt de na cuideachtaí is mó agus is úire ar domhan thíos le cibirionsaithe le 5 bliana anuas go díreach. Is sa chomhthéacs sin a cuireadh faisnéis an-phearsanta agus íogair i mbaol san eachtra a tharla le déanaí do FSS. Ar an drochuair, fad is a bhíonn ríomhairí ann, tá contúirt ann go gcuirfí ár sonraí digiteacha i mbaol agus go ndéanfaí a n-ionramháil. Mar sin féin, níl an saol agus an obair sa ré dhigiteach chomh scanrúil sin – go háirithe má bhíonn a fhios agat an rud atá ar siúl agat.

  • Eochairfhocail Chibearshlándála
  • Ag fanacht sábháilte ar líne
  • Slándáil Sonraí
  • Eolas Fioscaireachta

Eochairfhocail Chibearshlándála

Is iad seo an 25 téarma cibearshlándála is tábhachtaí ba cheart a bheith ar eolas ag gach duine

1. Néal

Teicneolaíocht a ligeann dúinn rochtain a fháil ar ár gcomhaid agus ar ár seirbhísí tríd an idirlíon ó áit ar bith ar domhan. Go teicniúil, is bailiúchán de ríomhairí é a bhfuil cumais stórála mhór acu a fhreastalaíonn go cianda ar iarratais.

2. Bogearraí

Sraith clár a deir le ríomhaire tasc a dhéanamh. Tiomsaítear na treoracha seo i bpacáiste is féidir le húsáideoirí a shuiteáil agus a úsáid. Mar shampla, is bogearraí feidhmchláir é Microsoft Office.

3. Fearann

Grúpa ríomhairí, printéirí agus gléasanna atá idirnasctha agus rialaithe ina n-iomláine. Mar shampla, is gnách go mbíonn do ríomhaire mar chuid d’fhearann ag d’ionad oibre.

4. Líonra Príobháideach Fíorúil (VPN)

Uirlis a ligeann don úsáideoir fanacht anaithnid agus an t-idirlíon á úsáid aige tríd an suíomh a cheilt agus trácht a chriptiú.

5. Seoladh IP

Leagan idirlín de sheoladh baile do do ríomhaire, a aithnítear nuair a dhéanann sé cumarsáid thar líonra; Mar shampla, nascadh leis an idirlíon (líonra líonraí).

6. Dúshaothar

Feidhmchlár nó script mhailíseach is féidir a úsáid chun teacht i dtír ar leochaileacht ríomhaire.

7. Sárú

An nóiméad a éiríonn le haiceálaí teacht i dtír ar leochaileacht i ríomhaire nó i ngléas, agus a fhaigheann rochtain ar a chomhaid agus ar a líonra.

8. Balla dóiteáin

Teicneolaíocht chosanta a dearadh leis na bithiúnaigh a choinneáil amach. Is féidir le ballaí dóiteáin a bheith bunaithe ar chrua-earraí nó ar bhogearraí.

9. Bogearraí Mailíseacha - "An Drochdhuine"

Scáth-théarma a chuireann síos ar gach cineál bogearraí mailíseacha a dearadh chun léirscrios a dhéanamh ar ríomhaire. I measc na gcineálacha coitianta, áirítear: víris, traígh, ríomhphéisteanna agus bogearraí éirice.

10. Víreas

Cineál de bhogearra mailíseach arb é a aidhm faisnéis a thruailliú, a scriosadh nó a mhodhnú ar ríomhaire sula scaiptear chuig daoine eile é. Le blianta beaga anuas, áfach, tá víris cosúil le Stuxnet i ndiaidh damáiste fisiciúil a dhéanamh.

11. Bogearra Éirice

Cineál de bhogearra mailíseach a chuireann cosc ort d’aon ghnó rochtain a fháil ar chomhaid ar do ríomhaire – ag coinneáil do chuid sonraí mar a bheadh giall ann. De ghnáth déanfaidh sé comhaid a chriptiú agus iarrfaidh sé go n-íocfar éiric chun iad a dhíchriptiú nó a aisghabháil. Mar shampla, WannaCry Ransomware. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Bhogearraí Éirice, féach ar ár dTreoir maidir le Bogearra Éirice saor in aisce.

12. Capall Traíoch

Píosa bogearra mailíseach a cheadaíonn go minic do haiceálaí rochtain chianda a fháil ar ríomhaire trí “dhoras cúil”.

13. Ríomhphéist

Píosa bogearra mailíseach ar féidir leis é féin a mhacasamhlú d’fhonn an t-ionfhabhtú a scaipeadh ar ríomhairí ceangailte eile.

14. Bota / Róbatlíon

Cineál d’fheidhmchlár nó de script bhogearraí a dhéanann tascanna ar ordú, rud a ligeann don ionsaitheoir smacht iomlán a ghlacadh go cianda ar ríomhaire galraithe. Tugtar “róbatlíon” ar ghrúpa de na ríomhairí ionfhabhtaithe seo agus bíonn sé á rialú ag an haiceálaí nó ag “máistir an róbatlín”.

15. Earraí Spiaireachta

Cineál de bhogearra mailíseach a fheidhmíonn trí spiaireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht úsáideora i ngan fhios dóibh. Áirítear ar na cumais monatóireacht ar ghníomhaíocht, eochairbhuillí a bhailiú, sonraí a bhaint (faisnéis chuntais, logáil isteach, sonraí airgeadais), agus go leor leor eile.

16. Sás forúsáideora

Cineál eile bogearra mailíseach a cheadaíonn do chibearchoirpigh do ríomhaire a rialú go cianda. Tá sásanna forúsáideora an-dochrach toisc go bhfuil siad deacair a bhrath, rud a fhágann gur dócha go bhféadfadh an cineál seo bogearra mailíseach maireachtáil ar do ríomhaire ar feadh i bhfad.

17. DDoS

Acrainm a sheasann do distributed denial of service nó dhiúltú dáilte seirbhíse – cineál de chibirionsaí. Tá sé mar aidhm ag an ionsaí seo seirbhís ar nós láithreán gréasáin a dhéanamh neamh-inúsáidte trína chur “ar maos” le trácht mailíseach nó le sonraí ó fhoinsí éagsúla (Róbatlíonta go minic).

18. Fioscaireacht nó Fioscaireacht Spriocdhírithe

Teicníc a úsáideann haiceálaithe chun faisnéis íogair a fháil. Mar shampla, ag baint úsáid as teachtaireachtaí ríomhphoist lámhdhéanta atá deartha chun daoine a mhealladh lena gcuid sonraí pearsanta nó rúnda a nochtadh, mar shampla pasfhocail agus faisnéis chuntas bainc.

19. Criptiú

An próiseas trína n-ionchódaítear sonraí chun goid a chosc trína chinntiú nach féidir na sonraí a rochtain ach le heochair.

20. BYOD (Tabhair Leat Do Ghléas Féin)

Tagraíonn sé do bheartas slándála cuideachta a cheadaíonn gléasanna pearsanta fostaithe a úsáid i ngnó. Socraíonn beartas BYOD teorainneacha agus srianta ar cé acu is féidir fón pearsanta nó ríomhaire glúine a nascadh thar an líonra corparáideach nó nach féidir.

21. Tástáil treá

Is modh é an cleachtas seo “tástáil treá,” chun meastóireacht a dhéanamh ar shlándáil ag úsáid uirlisí agus teicnící haiceálaí chun leochaileachtaí a aimsiú agus lochtanna slándála a mheas.

22. Innealtóireacht Shóisialta

Teicníc a úsáidtear chun daoine a ionramháil agus a mhealladh chun faisnéis íogair agus phríobháideach a fháil. Tá camscéimeanna bunaithe ar innealtóireacht shóisialta dírithe ar an gcaoi a smaoiníonn agus a ngníomhaíonn daoine. Mar sin, nuair a thuigeann haiceálaithe cad é a spreagann gníomhartha duine, is féidir leo teacht de ghnáth ar an rud díreach atá siad a lorg – cosúil le sonraí airgeadais agus focal faire.

23. Clicfhuadach

Ionsaí haiceála a thugann ar íospartaigh cliceáil ar nasc nó ar chnaipe gan smaoineamh, faoi bhréagriocht de ghnáth mar rud gan dochar.

24. Domhainbhrionnú

Gearrthóg fuaime nó físe atá curtha in eagar agus athraithe chun cuma fhíor nó inchreidte a chur uirthi. Is é an toradh is contúirtí a bhaineann leis an tóir a bhíonn ar dhomhanbhrionnú gur féidir leo tabhairt go héasca ar dhaoine scéal nó teoiric áirithe a chreidiúint a d’fhéadfadh iompar níos tromchúisí a mhealladh ón úsáideoir amhail eolas polaitíochta nó airgeadais.

25. Hata Bán / Hata Dubh

I dtéarmaí cibearshlándála, tagraíonn na difríochtaí idir “hataí” haiceálaithe do rún an haiceálaí. Mar shampla:

Hata bán: Sáraíonn sé an líonra chun faisnéis íogair a fháil le toiliú an úinéara – rud a fhágann go bhfuil sé go hiomlán dleathach. Úsáidtear an modh seo de ghnáth chun leochaileachtaí bonneagair a thástáil.

Hata dubh: Haiceálaithe a bhriseann isteach sa líonra chun faisnéis a ghoid a úsáidfear chun dochar a dhéanamh don úinéir nó do na húsáideoirí gan toiliú. Tá sé go hiomlán mídhleathach.

Ag Fanacht Sábháilte Ar Líne

Pasfhocail Láidre a Chruthú

Beidh ort pasfhocal a chruthú chun a bheith in ann chóir a bheith gach rud a dhéanamh ar an nGréasán, idir r-phost a sheiceáil agus baincéireacht ar líne. Agus cé go bhfuil sé níos simplí pasfhocal gearr, éasca a úsáid agus cuimhneamh air, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ag baint leis sin maidir le do shlándáil ar líne freisin. Chun tú féin agus do chuid faisnéise a chosaint, beidh tú ag iarraidh pasfhocail atá fada, láidir agus a mbeidh sé deacair ag duine eile buille faoi thuairim a thabhairt orthu agus san am céanna iad a bheith réasúnta éasca duit cuimhneamh orthu.

Leideanna chun pasfhocail láidre a chruthú

Is é atá i bhfocal faire láidir, ceann arb éasca duit cuimhneamh air ach ar deacair ag daoine eile é a thomhas. Breathnaímis ar roinnt de na rudaí is tábhachtaí agus focal faire á chruthú againn.

  • Ná húsáid faisnéis phearsanta in am ar bith mar d’ainm, do bhreithlá, d’ainm úsáideora, nó do sheoladh ríomhphoist. Is minic a bhíonn an cineál faisnéise seo ar fáil go poiblí, rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca ag duine éigin do phasfhocal a thomhas.
  • Úsáid pasfhocal níos faide. Ba chóir go mbeadh do phasfhocal sé charachtar ar a laghad ar fad, cé gur chóir go mbeadh sé níos faide fós le haghaidh slándáil
  • Ná húsáid an pasfhocal céanna do gach cuntas. Má aimsíonn duine do phasfhocal le haghaidh cuntas amháin, beidh do chuntais eile go léir so-ionsaithe.
  • Déan iarracht uimhreacha, siombailí, agus litreacha cás uachtair agus íochtair araon a úsáid.
  • Seachain focail atá le fáil san fhoclóir a úsáid. Mar shampla, ba lag an pasfhocal é capall1.
  • Is iad na pasfhocail randamacha is láidre.
Turscar agus Fioscaireacht a Sheachaint

Ó ríomhphost go teachtaireachtaí láithreacha go meáin shóisialta, is uirlis chumarsáide riachtanach é an tIdirlíon. Ar an drochuair, tá an-tóir air freisin i measc caimiléirí agus cibearchoirpigh. Chun tú féin a chosaint ó chamscéimeanna ríomhphoist,  bogearraí mailíseacha, agus bradaíl aitheantais, beidh ort a thuiscint conas ábhar a d’fhéadfadh a bheith contúirteach i do bhosca isteach a aithint agus a sheachaint, lena n-áirítear iarrachtaí turscair agus fioscaireachta.

 

Ag Déileáil le turscar

Má fuair tú fógraí ríomhphoist nach dteastaíonn uait riamh, b’fhéidir go mbeadh cur amach agat cheana féin ar turscar, ar a dtugtar ríomhphost turscair freisin.  Is féidir le teachtaireachtaí turscair do bhosca isteach a phlúchadh agus é a dhéanamh níos deacra na ríomhphoist a fháil is mian leat a léamh i ndáiríre. Níos measa fós, is minic a bhíonn camscéimeanna fioscaireachta agus bogearraí mailíseacha sa turscar, rud a d’fhéadfadh a bheith ina riosca tromchúiseach do do ríomhaire. Ar ámharaí an tsaoil, tá roinnt gnéithe le fáil i bhformhór na seirbhísí ríomhphoist anois chun cabhrú leat do bhosca isteach a chosaint ó thurscar.

 

Scagairí turscair

Aon uair a fhaigheann tú ríomhphost, seiceálfaidh an chuid is mó de sholáthraithe ríomhphoist féachaint an fíortheachtaireacht nó turscar é. Cuirfear aon teachtaireachtaí dóchúla turscair san fhillteán turscair ionas nach n-osclóidh tú iad de thaisme agus do r-phost á sheiceáil agat.

Níl córais bhlocála turscair foirfe, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh amanna ann nuair a chuirfí ríomhphoist dhlisteanacha i d’fhillteán turscair. Molaimid d’fhillteán turscair a sheiceáil go rialta chun a chinntiú nach gcailleann tú aon ríomhphoist thábhachtacha.

 

Fioscaireacht

Is teachtaireachtaí iad camscéimeanna fioscaireachta a dhéanann iarracht bob a bhualadh ort agus tabhairt ort faisnéis íogair a sholáthar. Is cosúil go minic go dtagann siad seo ó bhanc nó ó fhoinse iontaofa eile, agus de ghnáth beidh siad ag iarraidh ort pasfhocal a athiontráil, dáta breithe a fhíorú, nó uimhir chárta creidmheasa a dhearbhú. D’fhéadfadh cuma fhíor go leor a bheith ar theachtaireachtaí fioscaireachta ar an gcéad amharc, ach bíonn sé réasúnta éasca ag caimiléirí sonraí áititheacha a chruthú.

Beidh tuilleadh sonraí ar Fhioscaireacht níos faide ar aghaidh agus an dóigh chun í a sheachaint.

 

Camscéimeanna ríomhphoist coitianta eile

Is fadhbanna coitianta iad turscar agus fioscaireacht, ach tá go leor cineálacha eile camscéimeanna ríomhphoist ann a d’fhéadfadh tarlú duit. Geallfaidh cuid acu go leor airgid a thabhairt duit má sheolann tú méid beag roimh ré. D’fhéadfadh daoine eile a chur i gcéill gur ó dhaoine a bhfuil aithne agat orthu sa saol dáiríre na teachtaireachtaí, agus is minic a iarrfaidh siad ort airgead a sheoladh nó comhad ceangailte a íoslódáil.

Mar is amhlaidh le camscéimeanna turscair agus fioscaireachta, cuimhnigh muinín a chur i do dhea-bhreithiúnas. Níor chóir duit airgead a sheoladh chuig duine éigin díreach toisc go bhfuair tú iarratas ríomhphoist. Níor chóir duit ceangaltáin ríomhphoist a íoslódáil nach raibh tú ag súil leo toisc go bhféadfadh bogearra mailíseach a bheith iontu a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do do ríomhaire agus do chuid faisnéise pearsanta a ghoid.

Leanfaidh scéimeanna turscair, cama agus fioscaireachta orthu ag forbairt agus ag athrú. Ach anois ó tá a fhios agat cad é atá le lorg – agus cad é atá le seachaint – is féidir leat do bhosca isteach agus do ríomhaire a choinneáil i bhfad níos sábháilte.

Bogearraí mailíseacha agus Conas iad a Sheachaint

An dóigh chun bogearraí mailíseacha a sheachaint

Tá bogearraí mailíseacha ar cheann de na guaiseacha is coitianta do do ríomhaire nuair a bhíonn tú ar líne, ach tá siad éasca a sheachaint. Is féidir leat nósanna brabhsála sábháilte agus cliste a fhorbairt agus tú féin a chosaint ó bhogearraí mailíseacha agus ó bhagairtí eile, cosúil le víris. Do ríomhaire a dhaingniú agus a bheith ag foghlaim conas naisc amhrasacha a aithint agus a sheachaint, sin na rudaí is tábhachtaí le do nósanna brabhsála a dhéanamh sábháilte.

 

Slánaigh do ríomhaire

Is nós brabhsála sábháilte ríthábhachtach é leochaileacht do ríomhaire i leith bogearraí mailíseacha  a theorannú.  Baineann go leor cláir bhogearraí mhailíseacha leas as lochtanna slándála in Windows agus i mbogearraí eile. Tá sé tábhachtach, mar sin de, do chóras oibriúcháin, do bhrabhsálaí agus do ríomhchláir eile a nuashonrú chun do ríomhaire a chosaint. Fágann na paistí slándála sna nuashonruithe seo go mbíonn do ríomhaire imdhíonach ar go leor bagairtí.

 

Déan Cúltaca de do chuid comhad

Is féidir le roinnt bogearraí mailíseacha sonraí a scriosadh nó a thruailliú ar do thiomántáin. Tá sé i bhfad níos éasca agus níos saoire ullmhú don fhéidearthacht go gcaillfí sonraí ná iarracht a dhéanamh sonraí a aisghabháil i ndiaidh ionsaí bogearraí mailíseacha. Is iad an dá bhealach is coitianta chun é sin a dhéanamh do chuid sonraí a chóipeáil chuig tiomántán seachtrach agus seirbhís chúltaca ar líne a úsáid, tá 5 theiribheart de stóráil againn sna Cuntais OneDrive BOOLM againn.

 

Seachain naisc amhrasacha

Éilíonn an chuid is mó de na bogearraí mailíseacha ort rud éigin a chliceáil chun é a íoslódáil agus a shuiteáil. Is minic a bhíonn na naisc seo faoi bhréagriocht mar rud éigin eile. Má tá tú eolach ar an gcuma a bhíonn ar na naisc amhrasacha, is féidir leat iad a sheachaint. Seo roinnt samplaí de naisc mhíthreoracha a cheileann íoslódálacha bogearraí mailíseacha .

Is féidir fógraí ar láithreáin ghréasáin a bheith an-chosúil le teachtaireachtaí córais nó le diagnóisic ag tabhairt rabhadh duit go bhfuil rud éigin cearr le do ríomhaire, cosúil leis an íomhá thíos.

Is féidir fógraí a bheith an-chosúil le teachtaireachtaí ag rá go bhfuil duais buaite agat agus ag tabhairt treoracha duit cliceáil chun í a fháil.

Is minic a bhíonn bogearraí mailíseacha i bhfuinneoga aníos nó déanann siad iarracht tú a threorú chuig suíomh nach bhfuil chomh slán. Ní úsáideann an chuid is mó de na suíomhanna creidiúnacha fuinneoga aníos. Cuireann go leor brabhsálaithe bac ar fhuinneoga aníos mar réamhshocrú.

Má spreagtar tú le rud éigin nach raibh tú ag súil leis a íoslódáil – nó más cosúil nach mbaineann sé leis an leathanach a raibh tú air – is dócha gur bogearra mailíseach é .

Tugtar clicmhealladh ar cheannlínte atá débhríoch agus dochreidte a thugann ort cliceáil chun níos mó a léamh. Is dóichí go mbeidh naisc le bogearra mailíseach i suíomhanna a úsáideann go leor ceannlínte clicmheallta.

 

Suíomhanna amhrasacha a aithint

Mura mbíonn tú cinnte in am ar bith an bhfuil suíomh Gréasáin nó íoslódáil sábháilte, dún é agus déan iniúchadh ar an suíomh sula bhfilleann tú air. Is smaoineamh maith é i gcónaí a bheith cúramach agus tú ag brabhsáil suíomhanna nach bhfuil cur amach agat orthu.

Fiafraigh de do chairde an suíomh iontaofa é nó an bhfuil aon taithí acu ar an suíomh.

Cuardaigh faisnéis faoin suíomh. Bain úsáid as inneall cuardaigh chun nuacht a fháil faoin eagraíocht a ritheann an suíomh, nó poist a lorg ar fhóraim faoi eispéiris daoine eile leis an suíomh sin.

Seiceáil an barra seoltaí i do bhrabhsálaí. Dearadh roinnt suíomhanna Gréasáin mailíseacha sa dóigh is go mbíonn cuma cosúil le suíomhanna aitheanta eile orthu, ach inseoidh do bharra seoltaí duit cén suíomh a bhfuil tú air i ndáiríre. Mura bhfuil tú ar an suíomh a raibh súil agat leis a thuilleadh, is cinnte go bhfuil sé amhrasach.

Slándáil Sonraí

Cruthaímid agus úsáidimid go léir sonraí inár gcuid oibre in BOOLM.  Is féidir sonraí a bheith i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear, ach nach liosta iomlán é, doiciméid, scarbhileoga, íomhánna, comhaid mheán nó cuir i láthair. Tá freagracht ar gach úsáideoir na sonraí a úsáideann sé/sí mar bhall de phobal BOOLM a chothabháil agus a chosaint.

Is féidir sonraí a chur i mbaol nó a scriosadh ar go leor bealaí. Áirítear iad seo a leanas i measc roinnt de na samplaí:

  • Ionfhabhtú víris
  • Ionfhabhtú bogearraí éirice
  • Teip dhiosca
  • Scriosadh de thaisme
  • An ríomhaire nó an gléas eile ar a mbíonn sé stóráilte a bheith goidte
  • Scriosadh d’aon ghnó ag tríú páirtí

Nuair a dhéantar damáiste do shonraí nó nuair a chailltear iad, tá caillteanas comhfhreagrach ann don úsáideoir lena mbaineann agus don BOO araon.

Is féidir le húsáideoirí sonraí an dóchúlacht go gcaillfear sonraí a theorannú trí roinnt réamhchúraimí simplí a thógáil.

  • Déan cúltaca de do chuid sonraí go rialta
  • Bí cúramach faoi na suíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu
  • Bí ar an airdeall faoi cheangaltáin ríomhphoist ó sheoltóirí nach bhfuil aithne agat orthu nó ceangaltáin a bhfuil ainm neamhghnách acu ó sheoltóirí aitheanta
  • Bí ar an airdeall faoi ríomhairí a úsáid seachas iad siúd a chuireann BOOLM ar fáil duit.
  • Má bhíonn tú ag obair ar ghléas de do chuid féin sa bhaile, cinntigh le do thoil go bhfuil an córas oibriúcháin agus na paistí bogearraí is déanaí suiteáilte air agus go bhfuil an chosaint frithvíris cothrom le dáta.
  • Bí cúramach faoi bhogearraí saor in aisce a íoslódáil ón idirlíon. D’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar mailíseach pacáistithe taobh istigh díobh ag cláir agus ag feidhmchláir a chuirtear ar fáil saor in aisce.
  • Bí cúramach má bhíonn tú ag úsáid líonraí oscailte, saor in aisce gan sreang
  • Bí cúramach agus ríomhairí ar nós caifé Idirlín á n-úsáid agat

Má spreagtar thú go tobann chun feidhmchlár a reáchtáil ar do ghléas, ná déan é mura mbíonn a fhios agat go díreach cad é atá i gceist agus go mbíonn tú sásta go bhfuil sé mar chuid de phróiseas éigin atá á reáchtáil agat faoi láthair.

Fioscaireacht – Cad atá i gceist léi agus conas í a sheachaint?

Is ionann fioscaireacht agus an cleachtas calaoiseach a bhaineann le ríomhphoist a sheoladh a mhaítear a bheith ó chuideachtaí agus ó dhaoine creidiúnacha chun a chur ina luí ar dhaoine faisnéis phearsanta a nochtadh, mar shampla pasfhocail, ainmneacha úsáideora agus uimhreacha cárta creidmheasa, i mbeagán focal is cineál de chalaois ar líne í an Fhioscaireacht.

De ghnáth, maítear i ríomhphoist fioscaireachta gur ó Sheirbhísí TF iad, oifig eile laistigh den eagraíocht, gnó creidiúnach ar oibrigh tú leo, b’fhéidir, nó fiú ó chomhghleacaí.  Úsáidfidh teachtaireachtaí fioscaireachta téarmaí ar nós “deimhniú” “bailíochtú”, “an nasc a leanúint” “nuashonrú” – tabhair faoi deara nach n-iarrfaidh Seirbhísí TF in BOOLM ar bhaill foirne ná ar mhic léinn aon cheann de na rudaí sin a dhéanamh.  Má fhaigheann tú r-phost a iarraidh aon fhaisnéis ort maidir le do chuntas “ná ceadaigh an gníomh”.

Céimeanna chun ríomhphost a thuairisciú mar thurscar / fhioscaireacht ag úsáid Chuntas Office 365:
Brabhsáil chuig www.lmetb.ie, do shuíomh gréasáin scoile, nó portal.office.com agus sínigh isteach

  1. Roghnaigh Outlook
  2. Aimsigh agus roghnaigh an teachtaireacht fioscaireachta a fuair tú (1 sa léaráid thíos), cliceáil ar an tsaighead síos in aice le Turscar (2) agus ansin cliceáil ar Fhioscaireacht (3). Tuairisceoidh an gníomh sin an post go díreach do Microsoft a chuirfidh bac ar an teachtaireacht.
  3. Más mian leat seoltóir a bhlocáil go buan, roghnaigh ‘Blocáil’ (4).

     

    Tábhachtach:  Tagann iarrachtaí fioscaireachta faoina lán clónna, ní hamháin trí ríomhphost. Le déanaí, táthar ag díriú ar roinnt daoine trí Microsoft Teams; má fhaigheann tú teachtaireacht “comhrá caillte” ar Teams, a thugann le fios gur teachtaireacht uathoibrithe nó fógra ó Microsoft Teams é a iarrann ort faisnéis a chur isteach nó do chuntas a bhailíochtú, ná tabhair freagra ar bith air sin.

    Ní iarrfaidh Seirbhísí TF ná seirbhísí dlisteanacha eile d’fhaisnéis aitheantais logála isteach. Dá bhrí sin, má fhaigheann tú post nó teachtaireacht ó dhuine nach bhfuil aithne agat air (nó a bhfuil cuma gur ó eintiteas dlisteanach é), a iarraidh d’fhaisnéis aitheantais logála isteach nó ag iarraidh ort do chuntas a bhailíochtú nó foirm a chur isteach, ná tabhair freagra ach, ina áit sin, scrios an r-phost / teachtaireacht.

     

    An dóigh chun fioscaireacht a sheachaint

    • Roghnaigh do phasfhocal go ciallmhar agus coinnigh slán é
    • Ná roinn do phasfhocal ná do UAP
    • Ná seol sonraí íogaire trí ríomhphost in am ar bith, mura bhfuil siad criptithe i gceart
    • Déan cúltaca de do chuid comhad go rialta
    • Ná hoscail ríomhphoist ó sheoltóirí anaithnide
    • Logáil amach as do ríomhaire i gcónaí agus tú críochnaithe
    • Ná cliceáil ar nasc ná ná hoscail ceangaltán
    • Ná suiteáil ná ná híoslódáil bogearraí ó fhoinsí anaithnide
    • Déan cinnte go mbíonn suíomh gréasáin slán – https
    • Mura bhfuil tú cinnte faoi ríomhphost – seiceáil seoladh an tseoltóra
    • Seiceáil le haghaidh earráidí litrithe nó gramadaí sa ríomhphost

     

    An rud ba cheart duit a dhéanamh má tharlaíonn sé duit

    Má bhíonn amhras ar bith ort, athraigh do phasfhocal láithreach – Athshocrú Pasfhocail Féinseirbhíse

    Logáil ticéad ag an Deasc Chabhrach, nó glaoigh ar 01 4663500.

    Le haghaidh tuilleadh eolais

    LMETB Logo

    Niall Callaghan

    Ceann TF

    Teil: 046 9068200
    R-phost: NCallaghan@lmetb.ie

    LMETB Logo

    David O'Connor

    Oiliúnóir TF

    Teil: 046 9068200
    R-phost: DOConnor@lmetb.ie