Eolas do Mhic Léinn

Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide

Forléargas

Tabharfaidh an fhaisnéis ar an leathanach seo gach a theastaíonn uait a fháil ar na seirbhísí TF atá ar fáil duit, le linn do chuid ama le BOOLM.

I measc cuid de na seirbhísí seo tá:

  1. Do Chuntas – ainm úsáideora, pasfhocal agus seoladh ríomhphoist oifigiúil BOOLM.
  2. Rochtain ar Microsoft 365, lena n-áirítear R-phost, Féilire, OneDrive le haghaidh stórála pearsanta, Foirne le haghaidh obair ghrúpa agus comhoibriú de chineál ar bith, agus go leor eile.
  3. Microsoft Teams
  4. Cá háit ar cheart dom mo chuid sonraí a shábháil?

Tá sé seo i gceist go léir chun do chuid ama i do scoil nó ionad BOOLM a dhéanamh níos táirgiúla agus níos sábháilte.

Gach rath i do chuid staidéir!

Do Chuntas

Is é do chuntas logála isteach d’aitheantóir uathúil chun rochtain a fháil ar fhormhór na gcóras BOOLM. Is é atá ann d’ainm úsáideora, pasfhocal agus seoladh ríomhphoist oifigiúil BOOLM. Úsáidtear na sonraí sin chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar nós:

  • Microsoft 365
  • Deasc Chabhrach TF
  • R-Thairseach i Scoileanna
  • Moodle
  • Ríomhairí ar fud Scoileanna, ionaid agus oifigí uile BOOLM

Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach úsáideoir nuair a logáiltear isteach i ríomhaire go logálann tú isteach i Microsoft 365 freisin. Nuair a bhíonn tú ar ríomhaire poiblí nó ar ríomhaire comhroinnte, le bheith cinnte nach mbíonn rochtain ar aon fhaisnéis phearsanta nó oifigiúil seachas ag an úsáideoir beartaithe, déan cinnte logáil amach as gach seirbhís ar a seal.

Chun logáil amach as na seirbhísí go léir ag an am céanna, logáil amach as an ngléas / nó múch é.

Ba cheart gléasanna pearsanta a chur faoi ghlas le pasfhocal, UAP nó a chomhionann chun rochtain tríú páirtí a chosc.

Chomh maith leis sin, ar chúiseanna slándála, d’iarrfaimis ort nach gcuirfeá do r-phost BOOLM ar aghaidh chuig bosca poist pearsanta.

Rochtain ar Microsoft 365, R-phost, Stóráil, Féilire, srl.

Mar bhall foirne de BOOLM, tugtar rochtain duit ar Microsoft 365. Cuimsíonn Microsoft 365 r-phoist, féilire, OneDrive Teams agus bogearraí Office, a bheas ar fáil ar feadh théarma d’fhostaíochta.

 

Eolas seirbhíse:

  • Is é @lmetb.ie an deireadh a bhíonn le do sheoladh ríomhphoist foirne
  • Tá rochtain agat ar ríomhphost, bogearraí Office agus 1TB (teiribheart) de stóráil OneDrive trí do bhrabhsálaí nó trí aipeanna tiomnaithe.
  • Is féidir bogearraí Office lena n-áirítear Word, Excel, Powerpoint agus OneNote a shuiteáil ar do ríomhaire/ríomhairí féin agus ar do ghléas(anna) soghluaiste gan aon chostas breise.
  • Roinn comhaid le do chomhghleacaithe agus comhoibrígí le bogearraí OneDrive agus Office.
  • Úsáid Teams ar mhaithe le do chomhaid roinne, do thionscadal taighde nó le do rang nó do chomhghleacaithe.

 

Conas is féidir liom teacht ar Office 365?

Is féidir leat rochtain a fháil ar Office 365 ó áit ar bith ar domhan, trí shíniú isteach i do r-phost foirne ó www.lmetb.ie ó do shuíomh gréasáin scoile nó trí chuairt a thabhairt ar https://portal.office.com agus logáil isteach le do sheoladh r-phoist iomlán agus le do phasfhocal.

 

Oifig 365 a Rochtain ar do ghléas soghluaiste

Aipeanna Soghluaiste O365:

  • Má tá gléas Corparáideach, (BOOLM) agat, clárófar é in inTune, tabharfaidh sé sin rochtain duit ar shraith d’fheidhmchláir chorparáideacha, lena n-áirítear Microsoft 365
  • Má tá do ghléas féin á úsáid agat, iarrfar ort an gléas a chlárú in inTune agus ligfidh sé sin duit rochtain a fháil ar shonraí corparáideacha.
  • Mholfaimis duit tú a bheith ar d’aire le linn duit sonraí corparáideacha a rochtain ó ghléasanna móibíleacha.
Microsoft Teams

Is spás oibre comhrábhunaithe é Microsoft Teams agus is mol digiteach é d’obair foirne agus do chomhoibriú. Tugann sé daoine, comhráite agus ábhar le chéile in aon spás amháin.

Tabhair cuairt ar an rannóg oiliúna den láithreán gréasáin le haghaidh tuilleadh acmhainní, treoracha, físeáin maidir le MS Teams a úsáid.

Chun forléargas a fháil ar Teams, léigh an treoir seo a leanas ó Microsoft. Chun tús a chur le Teams agus cainéil ghaolmhara a chruthú, féach ar an bhfíseán seo a leanas.

 

Buntáistí a bhaineann le Teams a úsáid

  • Rochtain agus stóráil shlán de do shonraí, áit ar bith ar domhan
  • Comhoibriú mar nach ndearna tú riamh cheana – foirne a eagrú, comhráite fíor-ama a bheith agat, comhaid a roinnt, tionscadail a phleanáil, tascanna a sceidealú agus go leor leor eile.
  • Ábhar a chur i láthair trí fhíseán/ chomhad fuaime, feidhmchláir, m.sh., Powerpoint, trí Roinnt Scáileáin

Cén uair ba chóir dom Teams a úsáid?

Má bhíonn tionscadal comhroinnte nó spás oibre, suíomh stórála, nó aon spás comhroinnte le duine amháin nó níos mó de dhíth ort, is fiú Foireann a chruthú. Sábháil comhaid i bhFoireann más mian leat úinéireacht agus ceadanna a roinnt le grúpa, rannóg nó roinn níos leithne.

 

Roimh Fhoireann a chruthú

  • Ceap beirt úinéirí ar gach Foireann, i gcás nach mbíonn duine acu ar fáil. Tá cearta riaracháin iomlána ag úinéirí ar Fhoireann.
  • Aontaigh struchtúr don Fhoireann, ag léiriú chleachtais oibre / shreabhadh oibre bhur roinne. Mar mholadh, cruthaigh Foireann amháin ar fud na roinne, agus cruthaigh bealaí laistigh de Teams in aghaidh an tionscadail agus / nó na topaice comhoibrithe. Is féidir freisin Teams a chruthú in aghaidh an rannáin / an ghrúpa taighde, nó am ar bith a mbíonn spás comhoibríoch comhroinnte de dhíth, do dhuine amháin nó níos mó.

 

Comhaid a Uaslódáil chuig Teams

Má tá líon mór comhad agat le huaslódáil, molaimid 100 nó níos lú a uaslódáil ag an am má bhíonn tú ag úsáid tarraing agus scaoil isteach i bhfuinneog ‘Comhaid’ Teams. (Is é Chrome an brabhsálaí is inmholta chun na críche sin.) B’fhéidir go gcaithfí ainmneacha comhad a athbhreithniú le haghaidh carachtair neamhbhailí má tá siad ann: “*:<>?/\|. Is é 15GB uasmhéid an chomhaid ar Teams le haghaidh comhad aonair.

 

Glaonna gutha/físe, cruinnithe ar líne & ranganna

Is féidir Microsoft Teams a úsáid le haghaidh gach ceann de na nithe thuas.

OneDrive Vs Teams - Cén áit ar cheart dom mo chuid sonraí a shábháil?

Sábháil do dhoiciméid chuig OneDrive más rud é:

  • nach bhfuil rún agat iad a roinnt ar chor ar bith nó má tá sé ar intinn agat comhaid a roinnt ina n-aonar agus ar bhonn gearrthéarmach.
  • nach féidir leat suíomh foirne a aithint a rachaidh do dhoiciméad ann

Sábháil do dhoiciméid chuig Teams más rud é:

  • gur mian leat úinéireacht agus ceadanna a roinnt le grúpa foirne níos leithne
  • go mbaineann do dhoiciméad le foireann nó le tionscadal leanúnach nua nó reatha

 

OneDrive:

  • Faigheann tú 1TB de stóráil phearsanta.
  • Tá OneDrive inrochtana ó aon ghaireas (ríomhaire, ríomhaire glúine, fón nó táibléad) a bhfuil rochtain ar an Idirlíon aige.
  • Is féidir leat rochtain a fháil ansin ar na doiciméid chéanna ar fud do ghléasanna eile.
  • Is féidir leat comhoibriú ar dhoiciméid le daoine eile i bhfíor-am (is féidir le beirt nó níos mó oibriú air, ag an am céanna.)
  • Is féidir leat doiciméid Word, taispeántais sleamhnán Powerpoint nó scarbhileoga Excel a chruthú i do bhrabhsálaí agus iad a shábháil go huathoibríoch chuig OneDrive.
  • Is féidir leat inneachar ó aon fheidhmchláir eile a uaslódáil agus é a shábháil chuig do OneDrive, le go mbeidh sé sábháilte.
  • Is féidir leat rochtain dhíreach a fháil ar do OneDrive ó Moodle le haghaidh aon tascanna agus aistí ábhartha.

Tá do OneDrive ina chóras stórála ar líne (nach féidir ach leatsa a rochtain, ach ar féidir leat comhaid nó fillteáin a chomhroinnt uaidh.) Is féidir teacht ar OneDrive trí chliceáil ar thíl OneDrive agus tú ag logáil isteach ag www.lmetb.ie, trí shuíomh gréasáin do scoile nó,  https://portal.office.com.

 

An dóigh chun Office a shuiteáil ar do PC nó do Mac

Is féidir leat rochtain a fháil ar Microsoft 365 ó áit ar bith ar domhan, trí chuairt a thabhairt ar https://portal.office.com agus logáil isteach le do sheoladh ríomhphoist iomlán (@lmetb.ie)  agus do ghnáth-phasfhocal.

Nuair a bheas tú logáilte isteach, is féidir leat an tsraith iomlán aipeanna a íoslódáil agus a shuiteáil ar suas le cúig ghléas phearsanta.

Tá rannán Conas… sa rannán oiliúna ar an suíomh gréasáin nó is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Microsoft seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais: Office a Shuiteáil ar do PC nó do Mac.

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

Niall Callaghan

Ceann TF

Teil: 046 9068200
R-phost: NCallaghan@lmetb.ie

LMETB Logo

David O'Connor

Oiliúnóir TF

Teil: 046 9068200
R-phost: DOConnor@lmetb.ie