Teagmhálaí Baile Scoile Pobail

Scoileanna
Home 5 Scoileanna 5 Teagmhálaí Baile Scoile Pobail

Cúlra

Is mórstraitéis choisctheach phríomhshrutha í Teagmhálaí Baile Scoile Pobail (TBSP) atá dírithe ar scoláirí a bhfuil an baol ann nach mbainfidh siad a n-acmhainneacht amach sa chóras oideachais, mar gheall ar thréithe cúlra, den chuid is mó, a mbíonn drochthionchar acu ar ghnóthachtáil na scoláirí agus ar a dtinreamh scoile. Díríonn an scéim go díreach ar na daoine fásta is suntasaí i saol oideachais leanaí agus, ag an am céanna, lorgaíonn sí buntáistí díreacha do na leanaí féin.

Is é bunbheartas na scéime polasaí a fhéachann le comhpháirtíocht idir tuismitheoirí agus múinteoirí a chur chun cinn. Is é cuspóir na comhpháirtíochta sin deiseanna foghlama na scoláirí a fheabhsú agus féachaint lena gcoinneáil sa chóras oideachais. Ina theannta sin, cuireann an Scéim TBSP an-bhéim ar chomhoibriú leis an bpobal áitiúil. Is í an Scéim TBSP an príomh-mhodh leis an scoil a cheangal le saol an phobail agus leis an bpobal agus a ghníomhaireachtaí a cheangal le saol na scoile.

 

Spriocanna na Scéime TBSP

  • Rannpháirtíocht ghníomhach na leanaí sa phróiseas foghlama a uasmhéadú, go háirithe iad siúd a d’fhéadfadh a bheith i mbaol teipe.
  • Comhoibriú gníomhach a chur chun cinn idir an baile, an scoil agus gníomhaireachtaí pobail ábhartha chun leasanna oideachais na leanaí a chur chun cinn.
  • Cur le tuiscint tuismitheoirí ar a gcumas féin chun dul chun cinn oideachais a bpáistí a fheabhsú agus chun cabhrú leo scileanna ábhartha a fhorbairt.
  • Cur lena dtógann na leanaí ón oideachas, lena gcoinneáil sa chóras oideachais, lena leanúint ar aghaidh chuig an oideachas iar-éigeantach agus chuig an tríú leibhéal agus lena ndearcadh i leith na foghlama ar feadh an tsaoil.
  • Torthaí dearfacha na scéime a scaipeadh ar fud an chórais scoile go ginearálta

 

Ciorcláin