Riachtanais Speisialta Oideachais

Scoileanna
Home 5 Scoileanna 5 Riachtanais Speisialta Oideachais

Tá Scoileanna agus Coláistí BOOLM tiomanta do thacaíocht a thabhairt do scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu agus beidh struchtúir éifeachtacha i bhfeidhm i ngach scoil chun é sin a chinntiú.

Forbróidh an scoil foirne teagaisc comhoibríocha le cur san áireamh i dtacaíocht ranga agus i dteagasc foirne mar mhúnlaí tacaíochta do na scoláirí seo. Forbrófar Comhaid Tacaíochta Scoláirí do scoláirí RSO i gcomhpháirtíocht le scoláirí, baill foirne, tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí seachtracha a bhíonn ag obair leis an scoláire lena n-áirítear CNOS (an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta), FSS agus SNSO (an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais).