Iar-bhunscoileanna
ScoileannaAn Dara Leibhéal
Is cuid lárnach de na pobail áitiúla ar fud Lú agus na Mí iad scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú & an Mhí. I measc na gclár a chuirtear ar fáil inár scoileanna tá:
- An tSraith Shóisearach
- Clár Scoileanna an Teastais Shóisearaigh
- An Idirbhliain
- An Ardteistiméireacht
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF)
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)
Cuirtear réimse iomlán ábhar ar fáil sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach araon, lena n-áirítear teangacha, na daonnachtaí, na healaíona, teicneolaíochtaí agus eolaíocht. Moltar do scoláirí páirt a ghlacadh i ngach gné de shaol na scoile lena n-áirítear gníomhaíochtaí seach-churaclaim ina measc drámaíocht, ceol, díospóireacht agus spórt. Tá sonraí iomlána na gclár agus na ngníomhaíochtaí seach-churaclaim go léir atá ar fáil i ngach ceann dár scoileanna ar fáil ar a suíomhanna gréasáin scoile féin (féach thíos).
Iar-bhunscoileanna BOOLM
Bog do chúrsóir os cionn biorán léarscáile chun tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh sin