Cosaint Leanaí

Scoileanna
Home 5 Scoileanna 5 Cosaint Leanaí

Cosaint Leanaí i Scoileanna agus Coláistí BOOLM

Tá Ráiteas um Chosaint Leanaí i bhfeidhm ag gach Scoil agus Coláiste BOOLM. Tá ainm an duine idirchaidrimh ainmnithe agus an leas-duine idirchaidrimh ainmnithe le haghaidh cúrsaí cosanta leanaí ar taispeáint go feiceálach i limistéar fáiltithe gach scoile.

Tá a fhios ag gach múinteoir gur daoine sainordaithe iad agus go bhfuil siad freagrach as a gcuid freagrachtaí ina leith sin. Cuirfear forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA), don Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (LDIA) agus do mhúinteoirí mar dhaoine sainordaithe laistigh de BOOLM agus éascófar FGL do Sheirbhísí Tacaíochta Náisiúnta na Roinne Oideachais.

De réir Chaibidil 9 de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna 2017, cuireann an Príomhoide Tuarascáil Maoirseachta um Chosaint Leanaí ar fáil do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ag gach cruinniú.

Glacann Bord Bainistíochta gach scoile agus coláiste páirt in athbhreithniú bliantúil ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí agus cuirtear fógra faoin athbhreithniú sin chuig BOOLM, tuismitheoirí / caomhnóirí / scoláirí os cionn 18 mbliana d’aois agus baill foirne sa scoil.

 

Nósanna Imeachta agus Treoirlínte

Post Primary School