Talamh agus Foirgnimh

Corparáideach
Home 9 Corparáideach 9 Talamh agus Foirgnimh

An Obair a Dhéanaimid

Tá Talamh agus Foirgnimh ar cheann de na 5 cholún sa Stiúrthóireacht um Thacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (TFE). Tá sé freagrach as réimse leathan gníomhaíochtaí, idir riar agus bainistiú laethúil na dtionscadal caipitil agus tógála go léir agus bainistiú iarmhéideanna caipitil éagsúla, bainistíocht riosca, maoirseacht agus rialú buiséid, comhlíonadh ceaduithe reachtúla agus Treoirdhoiciméid Theicniúla (TDTanna) na RO.

Agus muid ag tuairisciú don Stiúrthóir TFE agus don Phríomhfheidhmeannach, cuimsíonn ár sainchúram saolré iomlán tionscadail tógála ón iarratas tosaigh chuig an Roinn Rialtais ábhartha / SOLAS trí na cúig chéim mar atá leagtha amach ag ár máthair-roinn – Céim 1: Aighneachtaí / Tuarascálacha, Céim 2: Réamhdhearadh, Céim 2a: Dearadh Forbartha, Céim 2b: Dearadh Mionsonraithe,  Céim 3: Gníomh Tairisceana, Céim 4: Tógáil, Céim 5: Aistriú agus Cuntas Deiridh.

Coláste Ráth Tó
Creidmheas Íomhá – Grianghrafadóireacht le Richard Hatch

Déanann an Fhoireann idirchaidreamh le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear iad seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, an Roinn Oideachais, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, SOLAS, an Bord, pátrúin scoile agus gairmithe ábhartha (lena n-áirítear ailtirí, suirbhéirí cainníochta, innealtóirí, conraitheoirí), comhlachtaí reachtúla agus iniúchóirí. Cinntíonn an Roinn Talún agus Tógála go mbíonn a cuid oibre ag cloí leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus le rialacha soláthair an AE. Cinntímid freisin go mbíonn gach ceadú reachtúil riachtanach i bhfeidhm agus go gcloíonn ár dtionscadail leis an treoir theicniúil is déanaí ón Roinn Oideachais, lena n-áirítear nósanna imeachta na Foirne Dearaidh. Go bunúsach, déanaimid maoirseacht ar dhearadh, soláthar agus seachadadh foirgnimh oideachais agus oiliúna úrscothacha ó thús go foirgneamh lándéanta. Táimid bródúil as foirgnimh oideachais agus oiliúna 5 réalta a chur ar fáil dár bhfoghlaimeoirí in am agus laistigh den bhuiséad.

Déanann an Fhoireann maoirseacht ar phunann shubstaintiúil d’áitribh faoi úinéireacht, ar léas agus cheadúnaithe. Is é atá i gceist leis sin clár den réadmhaoin sin a choinneáil agus a chinntiú go bhfuil an comhad ar gach ceann acu críochnaithe. Bímid i dteagmháil lenár gcomhairleoirí dlí soláthartha chun riarachán ceart gach ábhar conarthach tógála a chinntiú. Tagann Bainistíocht Fuinnimh faoi shainchúram na Roinne Talún agus Foirgneamh agus tá dul chun cinn ollmhór déanta againn sa spás seo i bhfianaise práinn shuntasach aeráide.

Is tasc ollmhór é bainistíocht airgeadais agus rialachas tionscadail chaipitil agus áirítear leis monatóireacht agus cothabháil a dhéanamh ar thaifid chothrom le dáta ar íocaíochtaí caipitil, tuarascálacha caipitil a thionscnamh, a ullmhú, a eisiúint agus a rianú, ag cinntiú go mbíonn páipéarachas a bhaineann le tionscadail leanúnacha cothrom le dáta.

Cinntíonn an Fhoireann freisin go n-iarrtar gach maoiniú in am ón RO/SOLAS, lena chinntiú go bhfaightear teastais íocaíochta, go ndéantar athbhreithniú agus faomhadh orthu agus go n-íoctar iad in am le ceadú RO/SOLAS. Déanann an Fhoireann monatóireacht freisin ar shreabhadh airgid agus cinntíonn sí go gcoinnítear tionscadail laistigh den bhuiséad. Próiseáladh caiteachas €19 milliún in 2020.

Tá ár dtionscadail chaipitil go léir faoi réir cheanglais an Chóid Caiteachais Phoiblí, arna iniúchadh ag an Aonad um Iniúchóireacht Inmheánach (IAU) agus ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) chomh maith le hiniúchtaí tionscadail aonair RO. Is ábhar áthais dúinn go bhfuair muid deimhniú glan iniúchta ón C&AG do 2020. 

 

Maoin & Talamh

Tá an rannóg maoine den Roinn Talún agus Foirgneamh freagrach as gach ábhar maoine agus talún agus áirítear leis talamh a fháil, talamh nó foirgnimh a ligean ar léas/ a cheadúnú, áiseanna a úsáid agus gach ábhar a bhaineann le gníomhais teidil a thabhairt chun rialtachta do gach maoin. In 2020, bhí 75 foirgneamh faoi úinéireacht BOOLM nó faoina smacht le cíos bliantúil iomlán os cionn €1.5 milliún. Astu sin, tá 25 acu faoi úinéireacht, 23 ar léas, 17 ceadúnaithe, agus bhí 10 gcinn in úsáid ag BOOLM faoi chomhaontuithe eile. Tá an phunann úsáid maoine briste síos ina 2 fhoirgneamh riaracháin, 4 Scoil Náisiúnta Phobail, 21 Scoil Dara Leibhéal, 8 bhfoirgneamh Ógtheagmhála agus 40 foirgneamh Breisoideachais & Oiliúna. Tá Coláiste Breisoideachais Dhún Búinne lonnaithe i bPáirc Ghnó Dhún Búinne agus tá 16 fhoirgneamh ar léas nó ceadúnaithe. Tá an Coláiste tar éis leathnú go heaspónantúil bliain i ndiaidh bliana agus tá níos mó ná 1,000 mac léinn ann faoi láthair. Tá Tuarascáil ar Mheasúnú Straitéiseach i gcomhair suíomh agus coláiste nua curtha faoi bhráid SOLAS agus táimid ag fanacht le treoir maidir leis na chéad chéimeanna eile don tionscadal spreagúil seo. D’éirigh le BOOLM suíomh a fháil do Scoil Náisiúnta Phobail Ard Rí  in 2020 agus táimid ag súil le faomhadh na Roinne in 2021 chun Foireann Deartha iomlán a fháil chun tús a chur le dearadh. D’éirigh linn freisin suíomh a cheannach i nDún Seachlainn i mí Eanáir 2021 do Scoil Náisiúnta Phobail Dhún Seachlainn agus don scoil is nuaí againn, Coláiste Ríoga.

 

Soláthar Caipitil

Tá an Roinn Talún agus Foirgneamh freagrach as gach soláthar caipitil laistigh de BOOLM. Is é a bhíonn i gceist leis sin tairiscintí a dhéanamh do gach comhairleoir agus conraitheoir ar aon dul le treoirlínte na Roinne Oideachais agus rialacha agus rialacháin soláthair náisiúnta agus AE. Bainimid úsáid as sraith doiciméad Chreat Bainistíochta agus Oibreacha Caipitiúla (CWMF) agus na Roinne Oideachais a forbraíodh chun a chinntiú go mbaintear amach na príomhchuspóirí (.i. seachadadh níos éifeachtaí tionscadal, luach níos fearr ar airgead agus cinnteacht costais níos fearr ag céim na tairisceana) de chinneadh an Rialtais ar an 4 Bealtaine 2004 (S29837) maidir le hathchóiriú soláthair tógála san earnáil phoiblí. Le linn 2020, d’fhógair BOOLM 45 comórtas ar leith d’Ailtirí, Innealtóirí Sibhialta agus Struchtúr, Innealtóirí Meicniúla agus Leictreacha, Suirbhéirí Cainníochta, Maoirseoir Tionscadail na Céime Deartha agus conraitheoirí tógála agus d’éirigh linn conarthaí a bhronnadh ar gach ceann orthu.

 

Úsáid Áiseanna

Ar aon dul le ciorclán na Roinne Oideachais (M18/05 &16/05) maidir le háiseanna scoile a roinnt leis an bpobal, tacaíonn BOOLM go hiomlán leis sin agus molann sé gur chóir áiseanna scoile a chur ar fáil do phobail áitiúla nuair is féidir.

Tá polasaithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag BOOLM chun é sin a éascú agus dá réir sin ní mór do gach club/cumann iarratas ar cheadú a chur isteach, mar aon lena n-árachas.

 

Bainistíocht Fuinnimh

Tá BOOLM tiomanta go hiomlán do na spriocanna agus na cuspóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta fuinnimh agus aeráide atá leagtha amach ag an Rialtas a bhaint amach. Bíonn BOOLM ag obair i gcomhpháirt le clár Comhpháirtíochta na hEarnála Poiblí de chuid ÚFIÉ atá i bhfeidhm le roinnt blianta anuas bunaithe ar sprioc feabhsaithe éifeachtúlacht fuinnimh de 33% faoi 2020.

Ní hamháin gur chomhlíon BOOLM an sprioc sin ach sháraigh sé í. Tá spriocanna nua agus níos uaillmhianaí de 50% d’éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe le baint amach ag comhlachtaí san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030. Tá Foireann Fuinnimh i bhfeidhm ag BOOLM agus oibríonn siad go dlúth le Bainisteoir Tacaíochta Chlár ÚFIÉ chun pleananna agus beartais fuinnimh a fhorbairt agus chun tionscnaimh a spreagadh inár scoileanna agus inár n-ionaid. Tá Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh ceaptha ag BOOLM ag leibhéal na Foirne Bainistíochta Sinsearaí agus tá baill foirne ag freastal ar chúrsaí fuinnimh chun a gcuid eolais a fheabhsú lena n-áirítear Oiliúint Léarscáileanna Fuinnimh (SEAI), Bunphrionsabail an Fhuinnimh (SEAI), Monatóireacht agus Tuairisciú (ÚFIÉ) agus Fuinneamh san Oideachas.

Geallann an Bhainistíocht Shinsearach feabhsú leanúnach i bhfeidhmíocht Fuinnimh agus cinnteoidh sí go mbeidh na hacmhainní riachtanacha in áit chun a cuspóirí agus a spriocanna fuinnimh a bhaint amach. Tá gnóthachain Éifeachtúlacht Bainistíochta Fuinnimh á mbaint amach trí chlár struchtúrtha bainistíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm, plean gníomhaíochta bliantúil a bhunú, iarfheistithe, uasghráduithe foirgneamh agus saoráidí agus trí fheasacht agus athrú iompraíochta san eagraíocht go ginearálta.

Ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí sonraí bliantúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a thuairisciú d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) a bhainistíonn an próiseas tuairiscithe thar ceann na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (DCCAE).

Tuarascáil Léargais ar Thalamh agus Foirgnimh BOOLM

Cliceáil ar an nasc thíos le híoslódáil.

Land and Buildings Insight Report Cover

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

An Roinn Talún agus Foirgnimh BOOLM

Oifig Riaracháin BOOLM, Bóthar na Mainistreach,
An Uaimh, Co. na Mí, C15 N67E

Teil: 046 901 0034
R-phost: kfoley@lmetb.ie  oferguson@lmetb.ie