Saoráil Faisnéise

Corparáideach

Forléargas

Soláthraíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise na cearta reachtúla seo a leanas:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí atá clúdaithe ag an Acht
  • an ceart faisnéis phearsanta atá i dtaifead a fháil leasaithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • an ceart cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann forais phoiblí a théann i gcion ar an duine.

Déanann an tAcht idirdhealú idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta.  Is féidir leat rochtain a fháil ar do chuid faisnéise pearsanta beag beann ar an uair a cruthaíodh í má tá sí fós ann. Ní féidir leat rochtain a fháil ach ar fhaisnéis / taifid neamhphearsanta a cruthaíodh ar 21 Aibreán, 2008 nó ina dhiaidh sin.

 

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Iarratais um Shaoráil Faisnéise

Oifigí Riaracháin BOOLM
Bóthar na Mainistreach
Co. na Mí
C15 N67E

nó trí ríomhphost foi@lmetb.ie.

Nuair a dhéanann tú iarratas, ní mór duit:

  • An t-iarratas a chur isteach i scríbhinn
    Sonraigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Bí soiléir ionas gur féidir na taifid a iarrtar a aithint. Is féidir é sin a dhéanamh trína shonrú cén scoil, ionad nó roinn de chuid BOOLM is dóichí ina mbeadh na taifid lonnaithe, mar shampla, an roinn Acmhainní Daonna.  Mar sin féin, mura bhfuil sé soiléir cad iad na taifid atá á n-iarraidh, cuidíonn BOOLM leis an iarrthóir a (h)iarratas a chur ar bhealach ar féidir na taifid atá á lorg a aithint.
  • Nuair atá faisnéis á lorg agat atá pearsanta, beidh ort an t-aitheantas cuí a sholáthar de réir mar a éilíonn an cinnteoir.
  • I gcásanna ina bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le duine éagtha faoi alt 37(8), iarrfar ort sonraí breise a chur ar fáil chun na cearta sin a fheidhmiú.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar fhoirm iarratais um Shaoráil Faisnéise a chomhlánú.

Más mian leat, is féidir Foirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise chaighdeánach BOOLM a úsáid chun d’iarratas a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shaoráil Faisnéise, téigh chuig suíomh gréasáin an Láraonaid Beartais um Shaoráil Faisnéise ag www.foi.gov.ie.

 

Loga Nochta SF

Tá iarratais SF ar fhaisnéis neamhphearsanta le fáil i Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise.

Tá na sonraí seo a leanas sa loga:

  • Dáta a fuarthas an t-iarratas SF
  • Catagóir an iarrthóra
  • Sonraí an iarratais
  • Cinneadh
  • Dáta an chinnidh

Cliceáil anseo le haghaidh Logaí Nochta um Shaoráil Faisnéise.

 

Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise

Cliceáil anseo le haghaidh Scéim Foilseacháin Um Shaoráil Faisnéise Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí.

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

Iarratais um Shaoráil Faisnéise

Oifigí Riaracháin BOOLM,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh,
Co. na Mí, C15 N67E

Ríomhphost: foi@lmetb.ie