Soláthar

Corparáideach

Soláthar in BOOLM

Déantar soláthar ar fud BOOnna de réir Rialacháin agus Threoracha, Reachtaíocht, Bheartais agus Threoirlínte Sholáthar Poiblí Náisiúnta agus an Aontais Eorpaigh.

Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go ndéantar an fheidhm soláthar poiblí a urscaoileadh go heiticiúil, go hionraic agus go cothrom ar bhealach a chinntíonn an luach is fearr ar airgead.

 

Prionsabail Soláthar Poiblí

Baineann Conradh na Róimhe maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh le gach gníomhaíocht soláthair beag beann ar luach. Ní mór do sholáthar Earraí / Soláthairtí, Seirbhísí nó Oibreacha san earnáil phoiblí cloí le bunphrionsabail soláthair an Chonartha:

  • Trédhearcacht: Tá na gníomhaíochtaí soláthair go léir oscailte agus trédhearcach agus cuirtear an fhaisnéis riachtanach ar fáil do chách. Ba cheart intinn agus cinntí soláthair a fhógairt go poiblí.
  • Cóir chomhionann agus Neamh-Idirdhealú: Baineann na rialacha céanna le gach duine a bhfuil cearta comhionanna rochtana acu. Bunaítear cinntí ar oibiachtúlacht agus ar chothroime.
  • Comhréireacht: Ní mór gach beart a úsáidtear a bheith riachtanach agus iomchuí araon i ndáil leis an gcuspóir .i. dámhachtain an chonartha. Ná cuirtear i bhfeidhm aon choinníollacha, critéir ná rialacha iomarcacha nó díréireacha.
  • Aitheantas Frithpháirteach: Tá bailíocht chomhionann le tabhairt do cháilíochtaí / chaighdeáin is infheidhme i mBallstáit eile.

Naisc Úsáideacha

Beartas Soláthair BOOLM

Tá ár mBeartas Soláthair ar fáil anseo.

Clárú le haghaidh rThairiscintí  agus Foláirimh a Chruthú

Clárú ar fáil as seo.

Tairiscintí Reatha foilsithe ag BOOLM

Féach ar ár rannán tairiscintí  le haghaidh liosta de thairiscintí atá foilsithe faoi láthair.

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

Roinn Soláthair BOOLM

Oifig Riaracháin BOOLM,
Bóthar na Mainistreach, An Uaimh,
Co. na Mí, C15 N67E

Teil: 046 9068200
R-phost: procurement@lmetb.ie