Bord Forfheidhmithe Dhroichead Átha

Corparáideach
Home 5 Corparáideach 5 Bord Forfheidhmithe Dhroichead Átha

Réamhrá

Mar fhreagra ar na dúshláin a bhí roimh an bpobal i nDroichead Átha mar thoradh ar ghníomhaíochtaí dronga coireachta eagraithe in 2020 choimisiúnaigh an tAire Helen McEntee TD tuarascáil scóipe um Shábháilteacht agus um Fholláine Pobail a chuir Vivien Geiran, iar-Stiúrthóir na Seirbhíse Promhaidh, ar fáil. Tugtar aghaidh go cuimsitheach sa tuarascáil scóipe ar na dúshláin agus ar na riachtanais leanúnacha a bhíonn ag pobail i nDroichead Átha agus sainaithnítear deiseanna chun seirbhísí sa cheantar a nascadh, chun tacú leo agus iad a neartú.

Is é Bord Forfheidhmithe Dhroichead Átha an príomhthiománaí agus comhordaitheoir an athraithe a bhaineann le cur i bhfeidhm na moltaí sa tuarascáil seo. Tá an Bord comhdhéanta de chinnteoirí sinsearacha ó ghníomhaireachtaí ábhartha ar nós an Gharda Síochána; An tSeirbhís Phromhaidh; Údarás Áitiúil; FSS; TUSLA; BOOLM; Comhpháirtíocht LEADER Lú; agus Ionadaithe Pobail.

Tá Cathaoirleach Neamhspleách, an tUasal Michael Keogh, i gceannas ar an mBord, agus cabhraíonn comhordaitheoir lánaimseartha, Gráinne Berrill, leis. Is é Bord Oideachais & Oiliúna Lú agus na Mí a chomhordaíonn tacaí don tionscadal. Bunaíodh an Bord i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh tréimhse 24 mhí.

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

Comhordaitheoir Bhord Forfheidhmithe Dhroichead Átha

Foirgneamh Foróige Dhroichead Átha,
Sráid an Aonaigh, Droichead Átha

Contact: Gráinne Berrill
Teil: 086 1083903
Ríomhphost: gberrill@lmetb.ie