Reachtaíocht

Home 9 Cad a Dhéanaimid 9 Reachtaíocht

Forléargas

Is comhlacht reachtúil é BOOLM. Tá a ról agus a fheidhmeanna leagtha amach san Acht um Boird Oideachais agus Oiliúna, 2013. Tá feidhmeanna an Bhoird leagtha amach in alt 10 den Acht. Is iad seo –

  1. scoileanna aitheanta, ionaid oideachais agus saoráidí oideachais nó oiliúna a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme
  2. nuair a ordaíonn an tAire dó é sin a dhéanamh faoi alt 20 —
    i. scoileanna aitheanta a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme,
    ii. ionaid oideachais a bhunú agus a chothabháil ina limistéar feidhme,
    iii. ionaid oideachais nó scoileanna aitheanta a chothabháil ina limistéar feidhme, agus
    iv. saoráidí oideachais nó oiliúna a bhunú, a chothabháil nó acmhainní a chur ar fáil dóibh ina limistéar feidhme,
  3. soláthar oideachais agus oiliúna a phleanáil, a sholáthar, a chomhordú agus a athbhreithniú, lena n-áirítear oideachas agus oiliúint chun críche fostaíochta, agus seirbhísí atá coimhdeach leis sin ina limistéar feidhme i—
    i. scoileanna nó ionaid aitheanta oideachais atá á gcothabháil aige,
    ii. saoráidí oideachais nó oiliúna atá á gcothabháil nó a bhfuil acmhainní á gcur ar fáil dóibh aige,
    iii. scoileanna coinneála leanaí,
    iv. príosúin, agus
    v. saoráidí atá á gcothabháil ag comhlachtaí seirbhíse poiblí eile,
  4. socruithe a dhéanamh le soláthraithe oideachais nó oiliúna, agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil dóibh, de réir alt 22,
  5. scoláireachtaí a bhunú de réir alt 24,
  6. ráiteas straitéise a ghlacadh de réir alt 27,
  7. plean seirbhíse bliantúil a ghlacadh de réir alt 47,
  8. comhoibriú le haon chomhlacht a ainmnítear chun na feidhmeanna iniúchta inmheánacha a chur i gcrích faoi alt 52
  9. oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ar iarratas ó aon chomhlacht, agus thar a cheann, a mhaoiníonn oiliúint as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas don chomhlacht sin
  10. tacú le soláthar, comhordú, riarachán agus measúnú seirbhísí oibre don aos óg ina limistéar feidhme agus cibé faisnéis a sholáthar a iarrfaidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir leis an tacaíocht sin, agus
  11. measúnú a dhéanamh cé acu atá an bealach ina gcomhlíonann sé a fheidhmeanna eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach.
  12. Rachaidh bord oideachais agus oiliúna i gcomhairle, i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nuair is cuí leis, leis na nithe seo a leanas—

Tá BOOnna á rialú ag Ciorclán 2 na Roinne Oideachais de 2019, an “Cód Cleachtais chun Boird Oideachais agus Oiliúna a Rialú”, agus baineann raon leathan soláthar reachtach i réimsí amhail riarachán poiblí, dlí na gconarthaí agus dlí fostaíochta le gníomhaíochtaí gach BOO. Sna gníomhartha éagsúla agus sna hionstraimí reachtúla atá liostaithe thíos tá na forálacha reachtacha sin is suntasaí do BOOLM. Níl an liosta uileghabhálach.

  • An tAcht Oideachais, 1998
  • An tAcht Oideachais (Leasú), 2000
  • Na hAchtanna um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu 2004
  • Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999
  • An tAcht um Obair Ógra, 2001
  • An tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001
  • An tAcht Breisoideachais agus Oiliúna, 2013
  • Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993
  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995
  • An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
  • Acht na Leanaí, 2001
  • An tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002
  • An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
  • Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997-2014
  • Na hAchtanna um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004
  • Na hAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail, 2009-2013
  • An tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014
  • Na hAchtanna Ombudsman 1980-2012
  • An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997
  • An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 (agus An Bille, 2004)
  • An tAcht um Stádas Comhionann, 2000
  • An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001
  • An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Théarma Shocraithe), 2003
  • An tAcht um Chosaint Mháithreachais (Leasú), 2004
  • An tAcht um Íocaíocht Iomarcaíochta, 1967-1991
  • An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973-2001 Sábháilteacht,
  • An tAcht Sláinte & Leasa ag an Obair, 1989 agus Rialacháin ghaolmhara
  • An tAcht Caidrimh Thionscail, 1990
  • Acht Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017
  • An tAcht um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014
  • An tAcht um Íoc Pá, 1991
  • An tAcht um Chosaint Mháithreachais, 1994
  • An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994
  • An tAcht um Shaoire Uchtaíoch, 1995
  • An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996
  • An tAcht um Íoc Pras Cuntas, 1996
  • Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1997-1993
  • An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998
  • An tAcht um Shaoire Cúramóirí, 2001
  • Na hAchtanna Airgeadais, blianta éagsúla
  • An tAcht Carthanas 2001

Tá BOOLM feasach ar an ról lárnach atá aige maidir le baint amach phríomhcheart an duine chun oideachais a chur chun cinn, a chosaint agus a dhearbhú mar cheart. Tá an ceart chun oideachais le fáil sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (Airteagal 13). Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, a n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a ndéanann a mbeartais agus a bpleananna difear dóibh a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil í seo, ar a dtugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, agus tháinig sí ó Alt 42 den Acht um Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.

Aithnítear in Acht na dTeangacha Comharthaíochta, 2017 (Acht 40 de 2017), a shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina dhlí ar 24 Nollaig 2017 agus ar cuireadh tús leis ar an 15 Nollaig 2020, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann mar theanga oifigiúil in Éirinn.  Leagtar amach san Acht  teidlíocht daoine bodhra ar ateangaireacht chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí.

Leagtar amach san Acht an riachtanas atá ann do chúirteanna agus do chomhlachtaí poiblí ateangairí a úsáid a bhfuil a gcáilíochtaí fíoraithe ag Clár na nAteangairí Comharthaíochta (RISLI). Beidh feabhsú ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ar aon dul le scéimeanna faoin OLA in 2013 mar chomhthéacs don ráiteas straitéise freisin.