Maidir le BOO Lú agus na Mí

Home 5 Cad a Dhéanaimid 5 Maidir le BOO Lú agus na Mí
Infographic Showing Number of LMETB Centres

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó i Lú agus sa Mhí, ag soláthar réimse leathan de sheirbhísí oideachais agus oiliúna do bhreis agus 30,000 dalta, scoláire agus foghlaimeoir gach bliain.

Bainistímid:

  • 20 iar-bhunscoil agus coláiste
  • 4 Scoil Náisiúnta Phobail

Tá BOOLM freagrach as réimse leathan de Sheirbhísí d’Aosaigh ar fud an dá chontae, lena n-áirítear Seirbhísí Foghlama d’Aosaigh, Oideachas Pobail, An Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas agus Treoir d’Aosaigh.

  • 3 Choláiste Breisoideachais
  • 8 nIonad Ógtheagmhála
  • 3 Ionad SDOG
  • Ionad Réigiúnach Oiliúna Scileanna, Dún Dealgan
  • An tIonad Oiliúna Barr Feabhais agus Ardmhonaraíochta

Tá na tionscadail seo a leanas á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach:

  • Cúrsaí Oiliúna
  • Oiliúint Scileanna Sonracha
  • Nasc-chúrsa/Bonnchúrsa
  • Ógtheagmháil
  • Ionaid Oiliúna Phobail
  • TFO
  • Seirbhís Litearthachta d’Aosaigh

  • Is sinne an soláthraí Seirbhís Bhreisoideachais agus Oiliúna (BO&O) is mó sa chontae.
  • Bainistímid Glúin Cheoil Lú agus na Mí.
  • Tá freagrachtaí dlíthiúla orainn as Obair Ógra i Lú agus sa Mhí.
  • Leanaimid go gníomhach le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí oideachais agus oiliúna i Lú agus sa Mhí araon agus tá stair againn freagairt go solúbtha do riachtanais agus do mhianta pobail agus fostóirí. Is féidir BOOLM a leanúint freisin ar Twitter, LinkedIn, Facebook, Instagram agus YouTube.

#WeAreLMETB

Goup of teenagers having fun outside of school

Sprioc-Chliaint BOOLM

Daoine Óga agus Oibrithe Deonacha

Comhphobail ar fud Lú agus na Mí

Foghlaimeoirí Fásta

Eagraíochtaí Deonacha agus Spóirt

Croíluachanna & Croíphrionsabail BOOLM

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) tiomanta do bharr feabhais agus nuálaíocht in oideachas agus in oiliúint foghlaimeoirí trí sheirbhísí dinimiciúla a sholáthar a chuireann baill foirne gairmiúla ar fáil.

Cúis bhróid dúinn is ea freastal ar phobail Lú agus na Mí, a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe oideachais agus a bheith ag cur le forbairt agus fás an tsoláthair oideachais agus oiliúna sa réigiún.

Is é an aidhm atá ag BOOLM a bheith ar an bpríomhsholáthraí oideachais agus oiliúna ardchaighdeáin i Lú agus sa Mhí trí réimse éagsúil de chláir inrochtana, fhorásacha agus fhreagracha a bhainistiú agus a sholáthar.

Workers having discussion around conference table

Ár Misean

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) tiomanta do bharr feabhais agus nuálaíocht in oideachas agus in oiliúint foghlaimeoirí trí sheirbhísí dinimiciúla a sholáthar a chuireann baill foirne gairmiúla ar fáil. Cúis bhróid dúinn is ea freastal ar phobail Lú agus na Mí, a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe oideachais agus a bheith ag cur le forbairt agus fás an tsoláthair oideachais agus oiliúna sa réigiún. Is é an aidhm atá ag BOOLM a bheith ar an bpríomhsholáthraí oideachais agus oiliúna ardchaighdeáin i Lú agus sa Mhí trí réimse éagsúil de chláir inrochtana, fhorásacha agus fhreagracha a bhainistiú agus a sholáthar.

Is sraith bunluachanna agus prionsabal é Ráiteas Misin BOOLM a forbraíodh i gcomhairle le gach grúpa de pháirtithe leasmhara.

Barr Feabhais

Tugtar na caighdeáin is airde soláthar seirbhíse do na páirtithe leasmhara go léir.

Nuálaíocht

Moltar don fhoireann agus d’fhoghlaimeoirí a bheith forásach, cruthaitheach agus dinimiciúil ina gcleachtas teagaisc agus foghlama. Moltar don fhoireann agus d’fhoghlaimeoirí giaráil a dhéanamh le huirlisí TFC chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú.

Foghlaimeoir-lárnach

Cuirtear cláir agus seirbhísí BOOLM ar fáil mar fhreagra ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí i gcontaetha Lú agus na Mí.

Young kids learning using technology
Special needs girl smiling and painting with hands

Tacú leis an Aistriú

Cuirtear Cláir agus tacaí Aistrithe, Trasdula agus Treorach ar fáil do gach foghlaimeoir lena chinntiú go ndéanann siad na roghanna cearta maidir le conairí agus roghanna gairme agus go n-aistríonn siad go rathúil ó chéim amháin dá dturas oideachais go céim eile.

Comhionannas

Cuirtear rochtain ar oideachas ar fáil do gach foghlaimeoir agus tacaí a uasmhéadaíonn deiseanna foghlama agus a chabhraíonn leo a n-acmhainneacht a bhaint amach.

Ionchuimsiú

Táthar ag súil leis go ngníomhaíonn foireann, foghlaimeoirí agus páirtithe leasmhara go hionraic, go heiticiúil, agus go trédhearcach i gcónaí.

Iomlánaíoch

Déanann na cláir agus na seirbhísí atá ar fáil in BOOLM gnéithe morálta, mothúchánacha, fisiciúla, sóisialta, síceolaíocha agus spioradálta an fhoghlaimeora a chothú.

Gairmiúlacht

Moltar don fhoireann, d’fhoghlaimeoirí agus dár bpáirtithe leasmhara idirghníomhú lena chéile ar bhealach cúirtéiseach, measúil agus gairmiúil ina gcuirtear fáilte roimh an éagsúlacht agus ina nglactar léi.

Freagrúlacht

Is é feasacht ar riachtanais náisiúnta agus áitiúla atá mar bhunús leis an soláthar.

Folláine

Déanann na cláir agus na seirbhísí atá ar fáil in BOOLM a ndícheall féinmhuinín foghlaimeoirí a fhorbairt agus folláine foghlaimeoirí a chur chun cinn.

Two adults studying and discussing at table
Male and female workers in hi-vis discussing while using tablet computers

Cothroime

Tá beartais, nósanna imeachta agus cleachtais uile BOOLM cothrom agus réasúnta.

Ionracas

Moltar don fhoireann, d’fhoghlaimeoirí agus do pháirtithe leasmhara a chinntiú go ngníomhaíonn siad go hionraic, go heiticiúil, agus go trédhearcach. Cuirtear na caighdeáin is airde rúndachta i gcás inarb infheidhme chun cinn.

Comhpháirtíocht & Comhoibriú

Déantar cláir agus seirbhísí a fhorbairt agus a sheachadadh i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara.

Luach ar Airgead

Déantar obair BOOLM ar bhealach éifeachtúil agus aird chuí á thabhairt ar chuntasacht phoiblí.

Uimhir Charthanachta Chláraithe (RCN) BOOLM

Is í ár nUimhir Charthanais Chláraithe 20083458

Conclúid

Teacher chatting to adult learners at desk

Cuireann BOOLM an fhoghlaim agus an foghlaimeoir i gcroílár a sholáthair oideachais agus tá súil againn go dtabharfaidh an suíomh gréasáin seo léargas duit ar an réimse leathan de chláir agus seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Chun breathnú ar na leathanaigh seo nó ar aon leathanach eile ar ár suíomh gréasáin i nGaeilge, cliceáil ar an Nasc ar an Leathanach Baile nó cliceáil ar an nasc seo.

Líonra BOOLM

Bog do chúrsóir os cionn biorán léarscáile chun tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh sin nó roghnaigh tríd an eochair a chuirtear ar fáil

<style data-lazy-src=