Treoir, Faisnéis agus Earcaíocht

Breisoideachas & Oiliúint
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Treoir, Faisnéis agus Earcaíocht

Soláthraíonn Seirbhísí Treorach, Faisnéise agus Earcaíochta BOOLM:

  • Eolas faoi dheiseanna oideachais agus oiliúna, lánaimseartha, páirtaimseartha, áitiúla agus náisiúnta
  • Treoir oideachais duine le duine do luathfhágálaithe scoile agus/nó d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh.
  • Atreorú chuig réimse roghanna oideachais agus oiliúna laistigh de BOOLM agus soláthraithe oideachais eile

Tá an tseirbhís faisnéise agus treorach saor in aisce, faoi rún agus cuireann sí comhairle neamhspleách ar fáil do dhaoine aonair ar mian leo a roghanna oideachais agus oiliúna a fhiosrú, rud a chabhraíonn leo roghanna eolasacha oideachais, gairme agus saoil a dhéanamh.

Tá eolas agus cúnamh ar fáil freisin sna réimsí seo a leanas:

  • Iarratais a dhéanamh chuig Coláistí 3ú leibhéal agus Breisoideachais agus Oiliúna
  • Iarratais a dhéanamh ar thacaíochtaí deontais agus liúntais ar nós SUSI/Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
  • Cuidiú le scileanna cuardaigh poist, CV agus ullmhúchán agallaimh d’fhoghlaimeoirí fásta
  • Seisiúin eolais a chur ar fáil do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí maidir le soláthar BO&O in BOOLM

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

LMETB Adult Educational Guidance Service (Louth)

FET Centre, King St, Drogheda,
Co. Louth, A92 R594

Contact: Ann Fallon
Tel: 087 2300195
Email: adultguidance@lmetb.ie
Web: LMETB AEGS

LMETB Logo

LMETB Adult Educational Guidance Service (Meath)

FET Campus, Railway St Navan
Co. Meath, C15 X407

Contact: Shona Dunne
Tel: 1800 991 898
Email: adultguidance@lmetb.ie
Web: LMETB AEGS

LMETB Logo

RSTC Recruitment and Guidance Services

Regional Skills Training Centre,
Coe’s Road, Dundalk, Co. Louth, A91 PH21

Contact: Karen Morgan
Tel:
042 9355 700
Email:recep.rst@lmetb.ie
Web: www.rstc.ie