Tacaí d’Fhoghlaimeoirí

Dearbhú Cáilíochta (DC)

Cúram d’Fhoghlaimeoirí

Laistigh de gach ionad, beidh duine ainmnithe, amhail comhordaitheoir an chúrsa, Leas-Phríomhoide, treoirchomhairleoir, bainisteoir Oiliúna Cúnta nó duine ainmnithe eile, ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfoghlaimeoir.

Déanann BOOLM gach iarracht freastal ar fhoghlaimeoirí a mbíonn míchumas nó sainriachtanais acu agus tá sé go díreach tar éis Nós Imeachta athbhreithnithe um Fhreastal Réasúnta a dhaingniú.

 

Tacaíocht Airgeadais

Tá tacaíochtaí airgeadais ar fáil do roinnt foghlaimeoirí BO&O, ag brath ar an gcineál cláir atá á leanúint acu agus ar a gcúinsí pearsanta. I measc roinnt samplaí tá:  Liúntas Béile agus Taistil, Liúntas Cóiríochta.

D’fhéadfadh foghlaimeoirí i gcláir oiliúna áirithe a bheith incháilithe do chúram leanaí ar chostas íseal faoin Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, arna hoibriú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige.

Seirbhísí Treorach, Faisnéise agus Earcaíochta

Cuidíonn Seirbhísí Treorach, Faisnéise agus Earcaíochta BOOLM le daoine roghanna eolasacha oideachais, gairme agus saoil a dhéanamh trí Threoirchomhairleoireacht, faisnéis agus tacaíocht neamhchlaonta agus rúnda a sholáthar do dhaoine fásta maidir lena roghanna oideachais, oiliúna agus gairme.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís sin, féach ar ár rannán Eolas Treorach agus Earcaíochta.

 

Achomhairc

beartas Achomhairc Mheasúnaithe i bhfeidhm ag BOOLM agus cuirtear foghlaimeoirí ar an eolas, le linn a n-ionduchtaithe, faoin nós imeachta chun achomharc a dhéanamh ar thoradh measúnaithe.

Beartas Achomhairc Iontrála ag BOOLM freisin ina dtugtar breac-chuntas d’iarratasóirí BO&O ar na forais agus ar na nósanna imeachta chun achomharc a dhéanamh ar chinneadh a bhaineann le hiontrálacha.  Tá foirm iarratais ar achomharc le fáil anseo.

 

Acmhainní d’Fhoghlaimeoirí

Ar go leor cláir BO&O, cuirtear ábhair chúrsa agus téacsleabhair ar fáil saor in aisce d’fhoghlaimeoirí.

D’fhorbair Seirbhísí Tacaíochta BOOÉ agus STBO na hacmhainní seo a leanas atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí ag na leibhéil ábhartha:

 

Scéim Iasachta Gléasanna TFC

Bhain foghlaimeoirí BO&O BOOLM an-tairbhe as an Scéim Iasachta um Ghléasanna TFC, scéim atá maoinithe ag an rialtas agus é mar aidhm aici rochtain ar ghléasanna TFC a chinntiú d’fhoghlaimeoirí le linn cianfhoghlama / foghlaim chumaisc mar gheall ar shrianta COVID-19.

 

Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim

D’ardaigh na foilseacháin seo a leanas ó ETBI, SOLAS agus AHEAD feasacht i measc oideachasóirí BOOLM maidir le Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim:

Cuireadh ar chumas na foirne freastal ar Shuaitheantas Digiteach DUF AHEAD agus ar Shraith de Sheimineáir Ghréasáin Fhómhar 2021 BOOÉ ar DUF agus spreagadh iad chun an fhoghlaim a chur i bhfeidhm ina gcleachtas féin.

 

Tacaí Litearthachta agus Uimhearthachta

Úsáideann cláir BOOLM dhá phríomhuirlis chun cabhrú le haon tacaí Litearthachta, Uimhearthachta nó TFC a theastaíonn a aithint. Tá BKSB agus Edexcel in úsáid ar fud go leor ionad / coláistí.

Is féidir le foghlaimeoirí ar fud chláir BO&O BOOLM lena n-áirítear Printíseachtaí, IAT agus SDOG rochtain a fháil ar thacaí Litearthachta agus Uimhearthachta go hinmheánach trí naisc le hEagraithe agus le teagascóirí Litearthachta d’Aosaigh BOOLM.

Ina theannta sin, thacaigh eagrú FGL foirne sa réimse sin le Beartas Comhtháite Litearthachta BOOLM.

 

Staidéar le Tacaíocht

Tairgeann go leor ionad / coláistí BO&O Moil Staidéir nó roghanna staidéir le tacaíocht ina mbionn foghlaimeoirí in ann leas a bhaint as spás ciúin le haghaidh staidéir agus bíonn acmhainní agus tacaí ar fáil dóibh.

 

Seirbhísí Comhairleoireachta

Tá rochtain ag foghlaimeoirí BO&O ar thacaíochtaí comhairleoireachta intí má aithnítear an gá leis sin ag leibhéal an ionaid / an choláiste.

 

Cosaint Aosach

Tá BOOLM tiomanta do bheartais, nósanna imeachta agus cleachtais a chuireann cosaint daoine fásta chun cinn a chur i bhfeidhm. Is féidir leat Beartas agus Nós Imeachta um Chosaint Aosach BO&O BOOLM a fheiceáil anseo.

Líonra Guth an Fhoghlaimeora BOOLM

Tá Téarmaí Tagartha Líonra Guth an Fhoghlaimeora BOOLM ar fáil anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais

FET Quality Assurance Office

FET Centre, Chapel St, Dundalk,
Co. Louth, A91 C7D8

Contact: Angela Cahill
Tel: 087 123 5572
Email: qualityassurance@lmetb.ie