Féinmheastóireacht agus Feabhsú Cáilíochta

Dearbhú Cáilíochta (DC)
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Dearbhú Cáilíochta (DC) 5 Féinmheastóireacht agus Feabhsú Cáilíochta

Déantar athbhreithniú ar gach clár a chuireann ionaid BOOLM ar fáil ag tréimhsí uaineacha. Lorgaítear aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ón bhfoireann maidir le hualaí measúnaithe, modhanna measúnaithe, acmhainní cláir agus seachadadh clár.

Faoi láthair, déantar monatóireacht ar chúrsaí ag leibhéal an ionaid le meastóireachtaí lárchúrsa agus deireadh cúrsa. Dá réir sin is féidir saincheisteanna a aithint go tapa agus gníomhú orthu, agus tacaíochtaí breise a chur i bhfeidhm, má bhíonn gá leo. Tá teimpléid forbartha ag BOOLM chun cabhrú le hionaid na meastóireachtaí sin a eisiúint.

Tugann próisis Fíorúchán Inmheánach deis chun monatóireacht a dhéanamh ar na próisis mheasúnaithe, agus cuireann an Fíordheimhniú Seachtrach agus cruinniú an Phainéil Cheadaithe Torthaí (PCT) deiseanna ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí agus ar shaincheisteanna a eascraíonn as an tréimhse mheasúnaithe áirithe sin. Déanann fochoiste DC athbhreithniú ar thuairiscí PCT i bhfoirm chomhthiomsaithe, agus is amhlaidh is féidir treochtaí fadtéarmacha a aithint.

In 2018, thug BOOLM chun críche a ath-rannpháirtíocht leis an DCCÉ trínar ceadaíodh a bheartais agus a nósanna imeachta DC go foirmiúil. Mar chuid den phróiseas sin, thug BOOLM faoi phróiseas féinmheastóireachta ina raibh athbhreithniú ar phróisis agus nósanna imeachta DC ar fud sholáthar BO&O. Cliceáil anseo chun amharc ar Thuarascáil Féinmheastóireachta Feidhmiúcháin BOOLM 2017..

Bunaithe ar thorthaí an phróisis Fhéinmheastóireachta, forbraíodh agus ceadaíodh Plean Feabhsaithe Cáilíochta (QIP) do chláir agus seirbhísí BO&O BOOLM i mí an Mheithimh 2018. Féach: Plean Feabhsaithe Cáilíochta BOOLM 2018.

Is próiseas leanúnach é an t-athbhreithniú ar bheartais agus ar nósanna imeachta DC agus is dá réir a ghníomhaigh BOOLM príomhréimsí dá phleananna feabhsaithe cáilíochta le blianta beaga anuas. Féach: Plean Feabhsaithe Cáilíochta BOOLM 2019; agus Plean Feabhsaithe Cáilíochta BOOLM 2020.

Tá BOOLM tiomanta d’fhaireachán agus feabhsú leanúnach a chórais Dearbhaithe Cáilíochta agus tá a Thuarascáil Féinmheastóireachta á hullmhú aige faoi láthair mar chuid d’Athbhreithniú Tionscnaimh DCCÉ ar Dhearbhú Cáilíochta in BOOnna. Le haghaidh tuilleadh eolais ar Athbhreithniú Tionscnaimh DCCÉ ar SC in BOOLM, cliceáil anseo..

Le haghaidh tuilleadh eolais

FET Quality Assurance Office

FET Centre, Chapel St, Dundalk,
Co. Louth, A91 C7D8

Contact: Angela Cahill
Tel: 087 123 5572
Email: qualityassurance@lmetb.ie