Printíseachtaí agus Cúrsaí Oiliúna

Breisoideachas & Oiliúint
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Printíseachtaí agus Cúrsaí Oiliúna

Printíseachtaí

Is é is printíseacht ann clár oiliúna lánaimseartha a chomhcheanglaíonn foghlaim rangbhunaithe le foghlaim obairbhunaithe i gcomhlacht.  Is san ionad oibre a dhéantar ar a laghad 50% d’fhoghlaim printíseachta.

Bíonn printísigh ‘ag tuilleamh agus iad ag foghlaim’ – tá conradh fostaíochta acu agus íoctar tuarastal leo ar feadh thréimhse a n-oiliúna printíseachta. Chun a bheith i do phrintíseach in Éirinn, caithfidh tú a bheith fostaithe ag fostóir atá ceadaithe chun printísigh a fhostú.

Is iontach an bealach í printíseacht le tús a chur le gairm, trí thaithí agus scileanna praiticiúla a fháil agus tú ag gabháil don obair. Tairgtear fosta do rannpháirtithe deis cáilíocht atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus atá ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a fháil.

Bíonn éagsúlacht mhór ag baint le printíseachtaí ag brath ar an gclár, a mhaireann idir dhá bhliain agus ceithre bliana ag brath ar an gclár printíseachta. Tá an aois íosta le haghaidh rannpháirtíochta idir 16 go 18 mbliana ach níl aon uasteorainn aoise ann.

I measc na bPríomhphrintíseachtaí a chuireann BOOLM ar fáil tá:

  • Gruagaireacht
  • Innealtóir Líonra
  • Forbairt Bogearraí TFC
  • Pluiméireacht
  • Cearpantóireacht agus Siúinéireacht
  • Píobaireacht
  • Leictreachas
  • Déanamh uirlisí
  • Mótarmheicneoireacht
  • Déantúsaíocht Miotail
  • Déantúsaíocht Adhmaid agus Bailchríochnú

Cúrsaí Oiliúna

Ceanglaíonn cúrsaí oiliúna an fhoghlaim le chéile i suíomh oideachais agus oiliúna agus san ionad oibre. Tógann siad 6 – 20 mí le cur i gcrích agus tugann oiliúint d’fhoghlaimeoirí ag Leibhéil 4-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí a bhaineann go sonrach le post, chomh maith le hoiliúint san ionad oibre.

Tugtar deis fosta don fhoghlaimeoir taithí luachmhar a fháil san obair agus i dtimpeallachtaí fíora oibre agus tionsclaíochta agus, dá réir, cur le forbairt scileanna agus deiseanna fostaíochta.

Tá cúrsaí oiliúna oscailte do dhaoine atá os cionn 16 bliana d’aois agus cuirtear liúntas ar fáil dóibh siúd atá incháilithe.

I measc na samplaí de chúrsaí oiliúna a chuireann BOOLM ar fáil tá:

  • Riarachán Leighis
  • Teicneoir Réimse Earraí Bána
  • Riarachán Oifige
  • Dioplóma do Chórais TFC agus Líonra
  • Dearadh agus Déantúsaíocht Ríomhchuidithe
  • Tacaíocht Cúram Sláinte
  • Innealtóireacht
  • Fáilteachas

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

RSTC Recruitment and Guidance Services

Regional Skills Training Centre,
Coe’s Road, Dundalk, Co. Louth, A91 PH21

Contact: Karen Morgan
Tel:
042 9355 700
Email:recep.rst@lmetb.ie
Web: www.rstc.ie

LMETB Logo

Drogheda College

Prism Building, IDA Park,
Drogheda, Co. Louth, A92 VX98

Contact: Philip Sheridan
Tel:
041 9865018
Email: info.dc@lmetb.ie