Oiliúint Scileanna Sonracha

Breisoideachas & Oiliúint
Home 5 Breisoideachas & Oiliúint 5 Cúrsaí Lánaimseartha 5 Oiliúint Scileanna Sonracha

Cad is Oiliúint Scileanna Sonracha ann?

Cuireann Oiliúint Scileanna Sonracha cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil a mhaireann idir sé agus daichead seachtain.

Cuirtear cúrsaí ar fáil san ionad nó trí fhoghlaim chumaisc nó ar líne. Tá siad deartha chun gairmcháilíochtaí foirmiúla agus réimse scileanna a bhaineann le fostaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun cabhrú leo siúd atá ag dul i mbun fostaíochta den chéad uair agus dóibh siúd ar mian leo uas-sciliú nó athsciliú.

Tugann oiliúint scileanna sonracha deis d’fhoghlaimeoirí scileanna agus eolas ceannródaíoch a fhorbairt, rud a chuireann lena n-infhostaitheacht agus lena roghanna gairme.

Tá cúrsaí Oiliúna Scileanna Sonracha saor in aisce agus is féidir liúntas oiliúna a íoc le foghlaimeoirí ar feadh thréimhse a gcúrsa. Is féidir le foghlaimeoirí liúntas cóiríochta a éileamh freisin más gá dóibh cónaí ar shiúl ón mbaile ar feadh thréimhse an chúrsa, nó liúntas taistil más cuí.

Cuirtear cúrsaí creidiúnaithe ar fáil i réimsí éagsúla lena n-áirítear:

  • HGV agus Tiomáint Bus
  • Scileanna Ríomhaireachta
  • Forbairt Bogearraí agus Líonra
  • Cúram Sláinte
  • Téarmaíocht Leighis
  • Cúntóir Cuntar Leighis
  • Gruagaireacht agus Áilleacht
  • Gnó agus Airgeadas
  • Bainistíocht
  • Cumarsáid
  • Innealtóireacht
  • Foirgníocht

Le haghaidh tuilleadh eolais

LMETB Logo

RSTC Recruitment and Guidance Services

Regional Skills Training Centre,
Coe’s Road, Dundalk, Co. Louth, A91 PH21

Contact: Karen Morgan
Tel:
042 9355 700
Email:recep.rst@lmetb.ie
Web: www.rstc.ie