Seirbhís Oideachas Pobail
Breisoideachas & OiliúintCad is Seirbhís Oideachas Pobail ann?
Tacaíonn Seirbhís Oideachas Pobail BOOLM le grúpaí agus le heagraíochtaí pobail nua agus reatha chun cláir oideachais phobalbhunaithe a bhunú.
Tugann an tSeirbhís tús áite do dhaoine aonair agus do ghrúpaí atá thíos le míbhuntáiste oideachasúil / sóisialta nó le heisiamh sóisialta. Cuirtear cláir ar fáil ar bhonn páirtaimseartha i suíomhanna neamhfhoirmeálta pobalbhunaithe agus tá sé i gceist acu forbairt phearsanta agus forbairt scileanna a chur ar fáil do bhaill an ghrúpa.
Tá ról tábhachtach ag an ngrúpa féin maidir le cinneadh a dhéanamh ar réimse ábhair aon chúrsa. Braitheann an cineál cúrsa a thairgtear ar riachtanais agus ar chumais an ghrúpa. Is féidir le Seirbhís Oideachas Pobail BOOLM cabhrú le grúpaí a gcuid riachtanas a mheas agus teagascóir BOOLM a sholáthar chun clár a sheachadadh leis an ngrúpa. Is féidir le cúrsaí a bheith creidiúnaithe de réir DCCÉ nó neamhchreidiúnaithe. Tugtar cuireadh le haghaidh iarratais ar mhaoiniú trí uair sa bhliain. Is é an costas chun teagascóirí a íoc amháin a chlúdaíonn an maoiniú.
Seo a leanas samplaí de chúrsaí a rinne grúpaí:
- Ealaíona Pobail / Ceardaíocht
- Cócaireacht ar bhuiséad
- Forbairt Phearsanta
- TFC
- Mata
- Cumarsáid
- Sláinte & Folláine
- Grianghrafadóireacht dhigiteach
Le haghaidh tuilleadh eolais
Community Education Service Louth
FET Campus, Chapel St Dundalk, Co. Louth, A91 C7D8
Contact: Eamonn Quinn
Tel: 086 263 2408
Email: equinn@lmetb.ie
Community Education Service Meath
LMETB FET Campus, Railway Street,
Navan, Co Meath, C15 X407
Contact: Sarah Smyth
Tel: 086 067 6657
Email: ssmyth@lmetb.ie