Oiliúint Scileanna Sonracha
Breisoideachas & OiliúintCad is Oiliúint Scileanna Sonracha ann?
Cuireann Oiliúint Scileanna Sonracha cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil a mhaireann idir sé agus daichead seachtain.
Cuirtear cúrsaí ar fáil san ionad nó trí fhoghlaim chumaisc nó ar líne. Tá siad deartha chun gairmcháilíochtaí foirmiúla agus réimse scileanna a bhaineann le fostaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun cabhrú leo siúd atá ag dul i mbun fostaíochta den chéad uair agus dóibh siúd ar mian leo uas-sciliú nó athsciliú.
Tugann oiliúint scileanna sonracha deis d’fhoghlaimeoirí scileanna agus eolas ceannródaíoch a fhorbairt, rud a chuireann lena n-infhostaitheacht agus lena roghanna gairme.
Tá cúrsaí Oiliúna Scileanna Sonracha saor in aisce agus is féidir liúntas oiliúna a íoc le foghlaimeoirí ar feadh thréimhse a gcúrsa. Is féidir le foghlaimeoirí liúntas cóiríochta a éileamh freisin más gá dóibh cónaí ar shiúl ón mbaile ar feadh thréimhse an chúrsa, nó liúntas taistil más cuí.
Cuirtear cúrsaí creidiúnaithe ar fáil i réimsí éagsúla lena n-áirítear:
- HGV agus Tiomáint Bus
- Scileanna Ríomhaireachta
- Forbairt Bogearraí agus Líonra
- Cúram Sláinte
- Téarmaíocht Leighis
- Cúntóir Cuntar Leighis
- Gruagaireacht agus Áilleacht
- Gnó agus Airgeadas
- Bainistíocht
- Cumarsáid
- Innealtóireacht
- Foirgníocht
Le haghaidh tuilleadh eolais
RSTC Recruitment and Guidance Services
Regional Skills Training Centre,
Coe’s Road, Dundalk, Co. Louth, A91 PH21
Contact: Karen Morgan
Tel: 042 9355 700
Email:recep.rst@lmetb.ie
Web: www.rstc.ie